top of page

Eibhlís Ní Ríordáin

Amhránaí, Ceoltóir, Cumadóir, Múinteóir
Singer, Musician, Composer, Teacher

Beathaisnéis

(For English language biography: please scroll down this page)

   Is amhránaí, ceoltóir, cumadóir agus múinteoir í Eibhlís Ní Ríordáin. Canann sí amhráin ó na Déise agus déanann taighde orthu. Rugadh i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí í. Nuair a bhí sí ceithre bliana déag d’aois, bhog a teaghlach go dtí Maigh Dheilge, cóngarach don Bhaile Dubh Uachtarach i gCo. Phort Láirge.

    In 2016 bhuaigh Eibhlís Corn Mháire Nic Dhonnchadha ag an Oireachtas, agus in 2017 agus 2018 bhuaigh sí an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag Fleadh Laighean, agus ghnóthaigh sí duiseanna i bhFleadh Cheoil na hÉireann sna blianta céanna.  I mí Samhna 2018 bhain Eibhlís an tríu háit amach sa chomórtas 'Corn Chuimhneacháin Chóil Neaine Pháidín' i bhFéile na Mí. Bhí tionchar ag Nioclás Tóibín, Labhrás Ó Cadhla, Áine Uí Cheallaigh agus Ciarán Ó Gealbháin ar a cuid amhránaíochta.

    Bhain Eibhlís céim sa cheol amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus is Ceadúnach de chuid Choláiste na Tríonóide, Londain í sa mhúinteoireacht phianó. Is múinteoir ceoil í a bhfuil go leor taithí aici: múineann sí an pianó sa bhaile sna Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin, agus tugann sí ceardlanna sa cheol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, i gcomhar lena pháirtí, an píobaire Pádraigín Ní Chonaire.

    Tá suim ag Eibhlís sna healaíona go ginearálta agus fuair sí máistreacht le céadonóracha i Staidéar na mBan (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) le béim ar leith ar mhná sna healaíona in Éirinn sa lá atá inniu ann.

    Ba í Eibhlís an chéad stiúrthóir ar Chór Leasa Móire i Co. Phort Láirge, agus thug sí faoin gceol luath leo mar stiúrthóir agus aonréadaí araon.

    In 2017 thosaigh Eibhlís ag foghlaim na seanchláirsí Éireannaí le Siobhán Armstrong, áit a bhfíonn a grá don cheol agus don amhránaíocht thraidisiúnta, don cheol luath, agus don taighde le chéile. I bpáirt le Siobhán, tá sí ag déanamh taighde ar amhráin de chuid chláirseoirí an tseachtú is an ochtú haois déag agus á léiriú freisin.

   Tá an-suim ag Eibhlís sna naisc idir traidisiún beo na hamhránaíochta Gaeilge agus amhráin agus ceol na luath-chláirsitheoirí Éireannacha. Tá suim ar leith aici in dhá réimse leathana den taibhiú/taighde:

1. An chaoi a bhféadann tuiscint phraiticiúil ar thraidisiún beo na hamhránaíochta Gaeilge (na hamhráin ar an sean-nós) a bheith mar bhonn eolais do léirmhínithe ar cheol agus amhráin chumadóirí-cláirsitheoirí ársa na hÉireann (ceol agus amhráin a bhaineann le traidisiún ar tháinig deireadh leis faoin naoú haois déag, ach a bhfuil athbheochan faoi le blianta beaga anuas). 

2. Úsáid na cláirsí luaithe Éireannaí mar uirlis fhíneáilte tionlacain don amhránaíocht thraidisiúnta Ghaeilge.

Eibhlís/Liz on Piano
IMG_20180921_210108 copy 2.jpg

About Eibhlís

      EIBHLÍS NÍ RÍORDÁIN is a singer, musician, composer and music educator. She sings and researches the sean-nós song repertoire of the Déise (East Munster) area. Eibhlís was born in Fermoy, Co Cork and grew up there and in Modeligo, Ballyduff Upper, Co.Waterford.

   

      In 2016 she won Corn Mháire Nic Dhonnachadha at the Oireachtas, and in 2017 and 2018 she won the Leinster Fleadh Cheoil Sean-nós singing competition, and was also a prize winner in both years at Fleadh Cheoil na hÉireann.  In November 2018 she won third prize in  Comórtas Chóil Neaine Pháidín at Féile na Mí in Ráth Chairn, Co  Meath.   Singers who have influenced her are: Nioclás Tóibín, Labhrás Ó Cadhla, Áine Uí Cheallaigh and Ciarán Ó Gealbháin.

    Eibhlís is a music graduate of University College Cork and also holds a Licentiate in Piano Teaching from Trinity College London. A highly experienced music educator, she teaches classical piano at her home in Greystones, Co Wicklow, and, with her partner Patricia Connery, has given children’s workshops in traditional Irish music, song and dance in Ireland and internationally.

     Interested in the arts generally, she also holds a first-class honours MA in Women’s Studies (UCD), with a focus on women in the arts in contemporary Ireland.  

     She was the first conductor of the Lismore choir in Co. Waterford, and performed a repertoire of early music with them, as conductor and soloist.  While at UCC she sang with the  English choral group ‘The Clerkes of Oxenford' and with ‘Madrigal 75’. In 2017 she started learning early Irish harp with Siobhan Armstrong, combining her loves of Irish music and song, early music and musical research. In 2018 Eibhlís is researching and performing the harper-composers' songs of the  seventeenth and eighteenth centuries.

     Eibhlís is very interested in the connections between the living tradition of Irish language  song, and the songs and music of the early Irish harpers. She  is particularly interested in  two broad areas of performance/research:

1. How a working understanding of the living Irish language song tradition ('sean-nós' song) can inform interpretations of the ancient harper-composers' music and songs  (music and song which belong to a tradition  which had ended  by the early nineteenth century, but which is under-going a revival in recent years). 

2. Reviving the use of the early Irish harp as a subtle accompanying instrument to traditional Irish language song.

Upcoming projects: 

    A Compilation album, soon to be released, of  favourite tracks from  two early albums produced by Eibhlís and her partner Patricia Connery  ('Pat Connery Liz O'Riordan' and 'Oh Éire').  Many of the songs are sung in beautiful two-part harmony, composed by Eibhlís.

    Also in the pipeline is a new solo album  of sean-nós songs from the Déise area as well as  some traditional  songs in the English language.

    Eibhlís is also working on new arrangements of Irish language songs from the Déise area, for  early Irish harp and voice. 

                                                                                                                                                            

IMG_3935.jpg
Artwork on the  17th century Cloyne harp fragments, at the National Museum of Ireland, 
Website under construction ...
bottom of page